A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal?
Ochón agus ochón ó!
Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad
Ochón agus ochón ó!
Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise?
Ochón agus ochón ó!
An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair?
Ochón agus ochón ó!
‘S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní
Ochón agus ochón ó!
Nó ‘n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal
Ochón agus ochón ó!