A Pheadair, a Aspail, a bhfaca tú mo Ghrá geal? Ochón agus ochón ó! Do chonaic mé ar ball é i lár a namhad Ochón agus ochón ó! Cé hé an fear breá sin ar Chrann na Páise? Ochón agus ochón ó! An é nach n-aithnír do Mhac, a Mháthair? Ochón agus ochón ó! ‘S an é sin an casúr a bhuail Tríot na tairní Ochón agus ochón ó! Nó ‘n í sin an tsleá a chuaigh trí Do lár geal Ochón agus ochón ó!