Gáir na Gairbe glaídbinne
Glaídes re tosach tuinne;
Rátha aidble aíbinne
D'íasc oc irshnám 'na bruinne!
Cairche cíuil at-chluinimse
'Sin Gairb go nglúaire geimrid;
Ra muirn móir con-tuilimse
I n-aidche adúair eigrid.
Gairit lem mo chomainmne,
Fégad lán línas múra:
Buinne rothrén roGairbe,
Uisce 'gá chor ar cúlu.
Éoin chalaid co céolchaire,
Céoilbinne a n-gotha gnátha;
Impa rom-geib éolchaire,
'Má ceilebrad cech trátha.
Is ríu sein con-tuilimse
Ar bennaib is ar barrgail;
Na céolas do-chluinimse
Is airfeitiud dom anmain.