Gáir na Gairbe glaídbinne Glaídes re tosach tuinne; Rátha aidble aíbinne D'íasc oc irshnám 'na bruinne! Cairche cíuil at-chluinimse 'Sin Gairb go nglúaire geimrid; Ra muirn móir con-tuilimse I n-aidche adúair eigrid. Gairit lem mo chomainmne, Fégad lán línas múra: Buinne rothrén roGairbe, Uisce 'gá chor ar cúlu. Éoin chalaid co céolchaire, Céoilbinne a n-gotha gnátha; Impa rom-geib éolchaire, 'Má ceilebrad cech trátha. Is ríu sein con-tuilimse Ar bennaib is ar barrgail; Na céolas do-chluinimse Is airfeitiud dom anmain.