Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail domh
go haonach bliaintiúil na Féil' Muire Móir',
tharla an ainnir as an taobh aniar domh
is í go cianmhar ag siubhal sa ród
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim
mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal
le taobh gach dealramh ina gruadh mar rós
Bheannaighinn féin le preab don mhaighdean
'gus easpa chéille ní raibh in mo ghlóir
D'fhiafraigh mé dí an raibh aon fhear in Éirinn
a ghlacfadh don rogha orm ins an ród
D'fhiafraigh sí domhsa cá raibh mo léine,
mo bhuig 's mo bhéabhar, gan fiú na mbróg,
gurbh annamh a chonaic sise sac mar éadach
ar fhear ar bhréagadh na gcailín óg
Níl siúd áit ó íochar Fhanad
nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó
Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach,
ó thaobh Ghleann Átha go dtí 'n Mhucais Mhór
Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach,
bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair,
ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigín
's go Curraoin Mhánuis a chois an róid
Bhí mé ar Mhuine Mhór 's i gCaisleán Cába,
i mBaile Uí Dhálaigh 's i Lios na Sciath
Bhí me i Muineachán 'gus ar an Ghráinsigh,
's ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain
Aréir a tharla i nDroichead Átha mé
's anocht atá mé faoi Charn tSiail
Anois más rogha leat ar fhearaibh Fháil mé,
seo mo lámh duit, bím ag triall