Clannad - Seachrán Charn tSiail lyrics

Published

0 229 0

Clannad - Seachrán Charn tSiail lyrics

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail domh go haonach bliaintiúil na Féil' Muire Móir', tharla an ainnir as an taobh aniar domh is í go cianmhar ag siubhal sa ród Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal le taobh gach dealramh ina gruadh mar rós Bheannaighinn féin le preab don mhaighdean 'gus easpa chéille ní raibh in mo ghlóir D'fhiafraigh mé dí an raibh aon fhear in Éirinn a ghlacfadh don rogha orm ins an ród D'fhiafraigh sí domhsa cá raibh mo léine, mo bhuig 's mo bhéabhar, gan fiú na mbróg, gurbh annamh a chonaic sise sac mar éadach ar fhear ar bhréagadh na gcailín óg Níl siúd áit ó íochar Fhanad nach bhfuil mé i ngrá le bean nó dhó Bean sna Rosa thiar i Mín na Manrach, ó thaobh Ghleann Átha go dtí 'n Mhucais Mhór Dís i mBaoilleach, dis i mBáineach, bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair, ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigín 's go Curraoin Mhánuis a chois an róid Bhí mé ar Mhuine Mhór 's i gCaisleán Cába, i mBaile Uí Dhálaigh 's i Lios na Sciath Bhí me i Muineachán 'gus ar an Ghráinsigh, 's ag Droichead Chúil Áine le corradh is bliain Aréir a tharla i nDroichead Átha mé 's anocht atá mé faoi Charn tSiail Anois más rogha leat ar fhearaibh Fháil mé, seo mo lámh duit, bím ag triall