The Gloaming - The Pilgrim's Song lyrics

Published

0 69 0

The Gloaming - The Pilgrim's Song lyrics

Do labhair an tír mar theampall, Bhí siúl na habhann boimpéiseach, Do chrom go glúin na gleannta, Bhí fíor na croise ar ghéaga. Le soiscéal gaoithe d'éisteas, Bhí naofacht ar an dtalamh, Anseo do mhair mo chéadshearc, Oh níor ghabhas an treo le fada. Chonac saol mar scéal fiannaíochta Fadó, fadó, ar maidin, A mhúnlaigh an tslat draíochta A bhíonn 'na láimh ag leanbh. D'aiséirigh 'na taisléine, Is solas ar a leacain, Is do thionlaic mé go gléineach Ar oilithreacht fám anam. Anseo do mhair mo chéadshearc Oh níor ghabhas an treo le fada. Tá aisling ann, is eol dom í, Ag fiuchadh i mbroinn mo shamhlaíochta, Lasair gheal gan chorp mar ghaoith, Agus corp oiriúnach á impí aici.