K'La - Féach lyrics

Published

0 186 0

K'La - Féach lyrics

Féach Ná bíodh imní ort Ná bíodh faitíos ort roimh réimh Bí cinnte pé rud é atá le déanamh anois agat Go ndéanfaidh tú díreach i gceart é má chreideann Tú é Ná bíodh aon eagla ort Déan ar fad é mar a dhéanfadh tú é tú féin Bí cinnte treor a lorg ó dhuine éigin a thuigeann treor Ach muna bhfuil éinne ann, is cuma, lorg é uait féin Ná bí ró-mhí-fhoighneach Tá chuile rud ag gluaiseacht ar a luas féin Is cinnte go dtiocfaidh aighneas chugat má bhíonn tú ró-mhí-fhoighneach Díreach bí cinnte gan do chos a chur faoi do choiscéim féin Seachain an dallamullóg Seachain an dallamullóg Seachain an dallamullóg 'S ná, ná creid é má thuigeann tú é Féach cé chomh mór is atá na sléibhte Féach cé chomh mór is atá an fharraige Féach cé chomh mór is atá an domhan I gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann Ná bíodh aon amhras ort Má tá ceist agat freagrófar é Fiú má thagann freagra chugat eolas ná fios feasa Caithfidh tú éirí arís san maidin leanacht ar aghaidh le do shaol Seachain srl Ná bí ró-chuthaileach Mar nach bhfuil aon fáth go mbeadh náire ort fút féin Tógadh tú mar a tógadh tú, is rugadh tú cár rugadh tú Má bhraitheann tú rud in easnamh beidh an leigheas ionat féin Seachain srl Mar má bhreathnaíonn tú air go géar b'fhéidir go bhfeicfidh tú é Má fheiceann tú go soiléar é b'fhéidir go dtuigfidh tú é Má thuigeann tú go léir é b'fhéidir go luascfaidh sé tú Nó go leigheasfaidh sé tú nó go luascfaidh sé tú Má thuigeann tú go dtuigeann tú, go dtuigeann tú Má thuigeann tú leat mé Féach cé chomh mór is atá na sléibhte Féach cé chomh mór is atá an fharraige Féach cé chomh mór is atá an domhan I gcomparáid leis na daoine beaga atá ina gcónaí ann