K'La - Maith Dhom lyrics

Published

0 311 0

K'La - Maith Dhom lyrics

Le Máirtín Ó Direáin I mo aonar dom aréir I mo shuí cois mara An spéir ar ghann chuid néal ' S an muir is tír faoi chalm Do chumhraíocht ríonda A scáiligh ar scáileán m'aigne Cé loinnir deiridh mo ghrá duit A shíleas bheith in éag le fada Ghlaos d'ainm go ceanúil Mar ba ghnách liom tamall ' S chuala scread scáfar Ó éan uaigneach cladaigh Maith dhom murab fhál leat fiú Do scáth dhil im'aice Ach bhí an spéir ar ghann chuid néal ' S an muir is an tír faoi chalm