Tiocfaidh an Samhradh agus fásfaidh ‘n féar,
Tiocfaidh an duillear ghlas ar bharr na gcraobh,
Tiocfaidh mo rún-searc le beannú an lae,
Agus buailfaidh sí tiúin suas le chumhaidh 'mo dhiaidh
Is óg 's is óg a chuir mé dúil i ngreann,
Dhéanainn súgradh le rún ar faill,
Níl baile cuain ar bith a ngluaisfainn ann,
Nach bhfaigheann maighdeán óg-dheas a thrialladh liom
Splóid ar an fharraige ná is í atá mór
Is í atá a gabhail idir mé is mo mhíle stór
D'fhag sí ar an bhaile seo mé a déanamh bróin
Is gan aon súil lena feiceál arís níos mó
Scairt mé aréir ag a doras thall,
Scairt mé arís ar mo rún go teann,
Sé dúirt a daidí liom nach raibh sí ann,
Ná gur éalaigh sí ‘réir leis an buachaill fionn