Bí thusa ‘mo shúile a Rí mhór na ndúil
Líon Thusa mo bheatha, mo chéadfaí 's mo stuaim
Bí Thusa i m'aigne gach oíche 's gach lá
Im chodladh nó im dhúiseacht líon mé le do grá
Bí Thusa mo threorú i mbriathar is i mbeart
Fan Thusa go deo liom is coinnigh mé ceart
Glac cúram mar Athair is éist le mo ghuí
Is tabhair domhsa áit cónaí istigh i do chroí
Bí thusa ‘mo sciath, mo claíomh don chath,
Bí thusa ‘mo mhaorgacht, tusa mo ghliondar,
‘S'tú dídean mo hanam, tusa mo túr ard,
Tóg suas go neamh mé, a chumhacht mo cumhacht.
Saibhreas cha chí mé, no moladh foladh na bhfear,
Tusa mo oidhreacht, anoise is go brách,
Tusa ‘s tusa ‘mháin, ‘tá buan i mo chroí,
Ard Rí na bhflaitheas, mo thaisce,'s tú é.
Ard Rí na neamh, mo bhua bainte,
Tabhair dom ríméad neamh, Ó grian ard-geal,
Croí mo chroíse, gach rud ‘tá teacht chugam,
Bí thusa ‘mo shúile, a rialóir a' tsaol.