Rinne mé smaoitiú i m'intinn
is lean mé dó go cinnte
go n-éalóinn ó mo mhuintir
anonn 'nan Oileáin Úir
'S tá mé ag déanamh impí
ar an Ard-Rí os mo chionn-sa
mo choinneáil ó gach tubaiste
go gcríochnóinn mo shiúl
Shiúil mé fiche míle
's gan casadh orm Críosta,
capall, bó nó caoirigh 'dhéanamh
inghilt ar an fhéar
Coillte dlúth' is gleanntáin
is búirtheach beithigh allta
Fir is mná 's gan tinte orthu
a chasfá fá do mhéar
Tharla isteach i dteach mé
is casadh orm daoine
D'fhiafraigh siad domhsa
cén tír 'nar tógadh mé
D'inis mé daofa i nGaeilig
gur tógadh mise in Éirinn,
lámh le bruach Loch Eirne
i mbaile chois na trá
Bhí seanbhean ins an chlúdaigh
is stocaí ar a glúine
D'éirigh sí go lúcháireach
is chraith sí liomsa lámh
“Sheacht mh'anam, fear mo thíre
thar a bhfaca mé de dhaoine
gur tógadh 'dtús mo shaoil mé
i mbaile le do thaobh”
Rinne mé smaoitiú i m'intinn
is lean mé dó go cinnte
go bpillfinn 'r ais go hÉirinn
sular sínfeadh mé fán chlár
Nó dá bhfaighfinn-se [???] caointe
's an [???]
a d'fhágfadh liomsa an oíche
is páirt mhór den lá