Dervish - Seán Bháin lyrics

Published

0 171 0

Dervish - Seán Bháin lyrics

A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé Nach deas a d'fhás an coiricín Nach deas d'fhás an círín Nach deas a d'fhás an coiricín Ar Chaitlín Ní Ghríofa A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé Shúil mise Sasana An Fhrainc uilig trí chéile Is ní fhaca mé aon siobaire Ba dheise ná do chírín A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé Nach deas an baile an baile seo Nach deas an baile é Maoras Nach deas an baile chuile baile Ach Claidhneach glas na bhfaochain A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé A Mháire, má tá tú ag scarúint uaim Mo mhíle slán go deo leat Nach deas mar chuirfinn fataí dhuit Níos fearr ná bhainfinn móin dhuit Nach olc an t-am a d'imigh tú 'S an fómhar ann go díreach Is gan éinne ar an mbaile seo Ná bean óg le thú chaoineadh A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé Is cuma liom cá rachaidh tú Is cuma liom cá mbíonn tú Is cuma liom cá rachaidh tú Ach thú beith ann san oíche A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Is tabhair sa gc**a féir mé A Sheáin Bháin, beir orm 'S a Sheáin Bháin, bréag mé A Sheáin Bháin, beir orm Nár phóg tú aréir mé