Clannad - Caide Sin Don Té Sin? lyrics

Published

0 167 0

Clannad - Caide Sin Don Té Sin? lyrics

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má théim na choille chraobhaigh cruinniú sméara nó cnó A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má théimse chuig airnéal is rince is spórt Chuig aonach is rásaí 's gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Deir daoine go bhfuil mé gan rath 's gan dóigh Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór Má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó Má tá mise sásta mo chónaí i gcró Ó caidé sin d'on té sin nach mbaineann sin dó