Béal Tuinne - Scáil Na Lasrach lyrics

Published

0 76 0

Béal Tuinne - Scáil Na Lasrach lyrics

Scáil na lasrach ó thine brea móna, cé bhain? Tabhairne suairc, leathfholamh I ndúbhluachair an gheimhridh anois. Plúchta le gríanadóirí an tsamhraidh Spás ghearr ó shoin, meidhréiseach Leathnochtaithe, deargchneasadh, Ar thóir na gréine, na gainí 'gus na dtonn. Scáil na lasrach, ó thine brea móna Thall ar scáth na lasrach Beirt iascairí cnámhacha As téamh a slinneáin le neart na tine Níl ann ach clapsholas, is fuacht amuigh Scéalta saoil sona, dona, lasracha Ag teaspáint a riostaí cnámhacha, lom A chnag framai báid ar thóir an éisc.. Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna Nach sona é tine ar iasacht tábhairne Dha phiúnt portair mar anlann le tine. Ní tráchtar sna teampaill ar a dtárla Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna Scáil na lasrach, ó thine brea móna