Béal Tuinne - Fearaibh Na Bhfeoibh lyrics

Published

0 182 0

Béal Tuinne - Fearaibh Na Bhfeoibh lyrics

Scoiltid an tonn Le maidí na lann Seo scafairí mhuintir Chinnéide Lúbaid le luaithe Cé croíte tá cumha Faoí ndeara dhóibh brú sa tréanmhuir. Imithe gan gréim Mar folamh gach oigheann Mná 'ge baile ag caoineadh Thar Thúr Bhaile Dháth Siar thar Bhéal Trá Taoide ag tachtadh a gcroithe. Ag naoí mile sli tá bealach Fochaisí Spalladh agus allas ón ngréin bhuí Ach chuaigh lúbaire groí Suas faill na Béidrí Ag solathar greim agus braon dí. Ar thochtaí 'na sui Alpadh min seo an Rí Diúgadh na cannaí go fabharúil Scaoíleadh faoí dhó bhruacha na bhfeo Sin aistear a bhí go saothrúil. Níorbh fhada don líon Ag luascadh ar an dtuinn Gur teannadh na téada taobh leo Pollóga móra groí Colmóiri bheadh buí Ballaigh, troisc is píardóga! Bhí a humar lán suas Chaithfaí scaoileadh faoin gCuas Ar bórd leis an líon is away leo An taoide ag cur uaithi 'S an chóir leo gan suathadh A gcroíthe ag bualadh le saothar. Thar scoth Chuasa Bhreandáin Go bun Leac srutháin An oiche ag titeam go tréan leo Caitheadh iasc suas Is glanadh le luas Mná agus leanaí 'bhí scléipúil. Idir rósta is beiriú 'S gan trácht ar an tlú Níor fágadh ocrach éinne Beidh trácht air go deo Lá Fearaibh na bhFeo 'S paróiste ó ocras saortha.