Béal Tuinne - Briotánach Óg Ó L'orient lyrics

Published

0 156 0

Béal Tuinne - Briotánach Óg Ó L'orient lyrics

Míobhán na beatha i gcorrán géill an bháis Féachann sé uaidh síos Mairnéalach óg ´L'Orient I ndreap' i bhfaillte Chíarra´. Aréir in am mharbh na hoiche Shúncáil a bhád - crachta ag carraig Sa tsnámh 's suas éadan faille Stop gallán é i gconair a éalaithe. Gheal an la dhó ar ionad a thórraimh Meangadh imearthach na dtonn ar chloch Ag feitheamh lena thiteam síos Céad troigh go scairbh dubh fiaclach. A bhás! Nach neamhthrócaireach tú Ar mhac baintrí trí chéad míle óna mham É a sheas ceann cothaithe A thuig agus a ghéill riamh do Chríost. Lastuas de ar shleamhnán sléibhe Bhí caoirigh ag méiligh, bhog sé láimh Lig as fead glaice a chéas go gear Ciuíneas na maidine ar Thúr Bhaile Dháith Chuala aoire an teachtaireacht B'fhios do siolla an bháis sa bhfead Le cómh aoire agus téada réidh síos ar fad ar Scáth an ghalláin chonaiceadar fear. Anois nó ríamh, bhí misneach ar a thriall Le téad thar a chom chuaigh duine acu Troigh ar throigh amach ar spuaic Dromchapallach carriage In éadan na faille. Fáisceann crobh ar chrobh anois An máirnéalach ar crochadh ó ghéag an aoíre Le neart fathaigh agus croí leon Tugann sé leis é trasna Trasna diaidh ar ndiaidh Cúlaid troigh ar through ó ghob an bháis Líonann deora buíochais súile an óg-fhir Pógann sé dlúth an láimh a chuir Críost Chun tearmann a thrócaire dúinn a thaispeáint. Moltar i L'Orient go mór anocht Gníomh na beirte fear ó Bhaile Reo A chuaigh chomh dian i ndreap an bháís Chun ainm na fhior- Éireannaigh a chomeád beo Go deo.