Béal Tuinne - Ar Muir San Oíche lyrics

Published

0 400 0

Béal Tuinne - Ar Muir San Oíche lyrics

Ar dhubhcúl cnoic san oíche ar thóir an éisc Machnaím go doimhin Nuair a chím' na soilse. Tithe cluthair aolgheal Tábhairni deataí spéiriúil Mná ' gus fearaibh go haerach 'S gan chathú orthu ná cumha. Ach nach iomaí taibhse taobh liom Dos na fearaibh a bhí inné anso Ag bailiú chuchu béilí Don iasc maith úr dá gclann Ón gClochán go Cuas na nAe siar Béal Bán is a' Dúinín 'S gan trácht ar Bhaile na nGall Plúr na bhfear ar gach aon cé. Faoin ndubhthoinn do mhúch na céadta Nuair a bhris go pras na néalta Is bhailigh leo na réalta Is do bhánaigh chuchu an Streall Is nách ainnis an botháinín aolgheal Ná suífidh súd chun tae ann Ach anocht é cloíte ag tréanmhuir Mo lean, a bhéan is a chlann.