I mo bhuachaill óg, fadó fadó D'aimsíos nead Bhí na gearrcaigh clúmhtha, fásta Is iad ag scread D'éirigh siad – is thuirling Arís ar m'ucht Ormsa bhí muince clúimh Sa mhóinéar fliuch Níor dhuine mé ach géag crainn
Nó carn cloch Ach bhí iontas crua nár bhraith said Ag bualadh faoi m'ucht B'in an lá ar thuirling ceird A éilíonn ómós: Is d'fhág a n-ingne forba orm Nár leigheasadh fós