Turas go dTír na n-Óg Tá gaoth na tír ag séideadh 's tá na h-éanlaith ag dul chun suain, Tá'n dobharchú ag dul chun síneadh ar an mbán, Ó aghaidh ruadh an tsléibhe Tagann méileachán na n-uan, Agus fuaim na caise ag caoineadh ar an dtrá; Tá uaigneas ar m'anam 's is fada liom an oíche, Ba mhian lem' spioradh gluaiseacht leis an ngréin Ón mbuairt seo tá ar n'aigne is ó cheal ag rún an tsaoghal Go tír a bhf*ghainn-se fuaghailt ar mo péin.
Glaoidhtear orm ariar, agus is aoibhinn liom an glór Mar bheadh leónán ag cogar thar an gcuan, Raghadh chun mo luinge, nó go scaoilfidh mé mo sheól Agus agus go ndeónaithear mo shroistin slán anonn! Ní tír go n-iomad soilse ná laoithe liom do bh'fhearr, Ach tir bheith lán de charthanacht 'mo chomhair, Mar a maireann fhéile croithe soir shaothibh inse fail, Is ann atá mo thriall - go Tír na n-Óg!