Nach brónach a bhí mise nuair a d'fhága mé an baile
Agus dúirt mé slán leatsa a dhíl Éirinn mo ghrá
Gidh gur fhéach mé bheith súgrach, á, ba deorach mo shúile
'S mé a' scaradh óna chéile úd nach bhfeicfead go brách
Ag scaradh go brách, brách le cnoic agus gleannta
Agus cathair dheas Chorcaí nach bhfeicfead arís
Ag scaradh go deo, deo leis na cairde ba dhílse
Ó dhil-chairde m'óige ar bhruacha na Laoi
Nach minic a d'éiríodh grian lonrach na spéire
Nach minic a bhuail sí faoi uiscí na dtonn
Ó d'fhága mise an lá siúd mo mháithrín dhil Éireann
Agus chuaigh mé thar sáile chun na tíre seo anonn
Ach fós in mo chroí istigh tá cuimhne ar lasadh
Ar maidin, iarnóin 's le titim na hoíche
'S i m'aisling arís bím i gcónaí mo sheasamh
Ar charraig fhíor m'óige ar bhruacha na Laoi