Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ar oileán mara Ag siúl cois cladaigh Maidin is tráthnóna O Luan go satharn Thiar ag baile
Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ó chrá croí Ó bhuairt aigne Ó uaigneas duairc Ó chaint ghontach Thiar ag baile