Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine Ar oileán mara, Ag siúl cois cladaigh Maidin is tráthnóna O Luan go satharn Thiar ag baile.
Faoiseamh a gheobhadsa Seal beag gairid I measc mo dhaoine, Ó chrá croí, Ó bhuairt aigne, Ó uaigneas duairc, Ó chaint ghontach, Thiar ag baile.