Tá mé mo shuí Ó d'éirigh'n ghealach aréir Ag cur tein-e síos-go buan Is á fadó go géar Tá bunadh a' tí 'na luí Is tá mise liom féin Tá na coiligh ag glaoch 'San saol 'na gcodladh ach mé 'Sheacht mh'anam déag do bhéal Do mhala is do ghrua Do shúil ghorm ghlé-gheal Fár thréig mé sionnach na lúb Le cumha do dhiaidh ní léir dom
An bealach a shiúil Is a charaid mo chléibh Tá na sléibhte 'dul idir mé's tú Casadh bean-tsí dom thíos Ag Lios Bhéal an Átha D'fhiafraigh mé di An scaoilfeadh glas ar bith grá Is é dúirt sí gos íseal I mbriathra soineannta sáimh "An grá a théid fán chroí Ní scaoiltear as é go bráth"