D'éirigh mé ar maidin a tharraint Chun aonaigh mhóir A dhíol is a cheannacht Mar a dhéanadh mo dhaoine romham Bhuail tart ar an bhealach mé Is shuigh mise síos a dh'ól Is le Siobhán Ní Dhuibhir Gur ól mise luach na mbróg A Siobhán Ní Dhuibhir An miste leat mé bheith tinn? Mo bhrón is mo mhilleadh Más miste liom tú bheith i gcill
Bróinte 'gus muilte bheith 'Scileadh ar chúl do chinn Ach cead a bheith in Iorras Go dtara síol Éacha chun cinn A Siobhán Ní Dhuibhir Is tú bun agus barr mo scéil Ar mhná na cruinne Go dtug sise an báire léi Le gile le finne le maise Is le dhá dtrian scéimh Is nach mise an trua Mhuire Bheith ag scaradh amárach léi