Chuaigh mé isteach i dteach aréir Is d'iarr mé cairde ar mhnaoi an leanna Is é dúirt sí liom "Ní bhfaighidh tú deor Buail an bóthar is gabh abhaile" Níl sé'n lá, ná na lá Níl sé'n lá is ní bheidh go maidin Níl sé'n lá, ná na lá Solas ard atá sa ghealaigh Chuir mé féin mo lámh i mo phóca Is d'iarr mé briseadh scillinge uirthi Is é dúirt sí liom "Suigh síos ag bord Is bí ag ól anseo go maidin" Níl sé'n lá, ná na lá Níl sé'n lá is ní bheidh go maidin Níl sé'n lá, ná na lá Solas ard atá sa ghealaigh
"Éirigh i do shuí, a fhear an tí Cuir ort do bhrístí is do hata Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir A bheas ag ól anseo go maidin" Níl sé'n lá, ná na lá Níl sé'n lá is ní bheidh go maidin Níl sé'n lá, ná na lá Solas ard atá sa ghealaigh "Éirigh i do shuí, a fhear an tí Cuir ort do bhrístí is do hata Go gcoinne tú ceol leis an duine cóir A bheas ag ól anseo go maidin" Níl sé'n lá, ná na lá Níl sé'n lá is ní bheidh go maidin Níl sé'n lá, ná na lá Solas ard atá sa ghealaigh