Éirigí suas a thogha na bhfear is cuirigí píce ar bharr gach cléith Leagaigí síos iad, lucht an droch-chroí, agus cuirigí dlí na Fraince ar bun Is ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Tá jug ar an bhord is tá beoir ag teacht Tá arm go leor ag Duke of York An Francach is an Spáinneach ar bhruach na trá agus fearr liom go mór é ná cómhrá ban Is ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó shuigh mise síos 's mo mhian le m'ais ag ól mo cháirt dí mar dheanfadh fear Dúirt bean a' tí den chomhrá mhín Gan airigead síos bí gabháil amach 'Gus ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Tharraing mé 'níos mo phíosa braic
Nach mairg a bhíos gan é, mo chreach Labhair sí arís go carthanach caoin, “Nach suífidh tú síos? Tá 'n siamsa ar f' ort Agus ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Mo chreach is mo chrá nuair a bhí mé beag in aois mo dhá bhliain nuair a smaoinigh mé ar olc Nach ndeachas ar bord nó in arm an Rí sular chaitheas mo shaol 'gabháil timpeall th' ort 'S ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Go mbristear mo dhroim fán ualach seo má thigim arís 'cur buaireamh ort 's a mhéad bean óg ó seo go hAbhainn Mhór a shiúlfadh an ród 's a nd'ólfadh deoch 'Gus ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort? Ó 'bhean a' tí, fá dhó nó trí Beidh an talamh gan chíos ón bhliain seo amach againn 's ó 'bhean a' tí, cén bhuairt sin ort?