A Neansaí, 'mhíle grá, a bhruinneall 'tá gan smál, go bhfeice mise'n t-ádh 'gus an séan ort Ba ghile do dhá lámh ná cúr geal na trá Ná'n eala 's í ag snámh ar an ɉirne Ba ghlaise liom do shúil ná braon beag den drúcht is binne liomsa thú ná na téadaí; 's mura n-éalaí tusa liomsa titfidh mise i lionndubh is chuirfinn ins an chill 's 'do dhéidh mé Is iomaí sin guth mná a chloisim in gach aird abhus agus taobh thall den ɉirne Go Corcaigh na gCuan 's go Béal Ath' na Sluaighe 'sí Neansaí thug bua ar an méid sin
A Mhuire 'gus a Dhia, nárbh aoibhinn ár saol dá mbeinnse agus í le chéile? Tráthnóna aoibhinn ciúin, ó, mise 'gus mo rún ag cogarnaíl ar uaigneas na sléibhe Beir litir uaimse suas chuig Neansaí chaoin na gcuach is aithris di gur buartha atá mé; Aithris di arís nach gcodlaím féin aon oíche le harraing atá fríd mo thaobh dheas; Aithris é dá súil, aithris é dá cúl, aithris é dá méin mhaith chéillí; Aithris é dá ceann 's dá béilín atá binn Gur ghiorraigh sí go cinnte mo laetha